Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 136
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
An Bíobla Naofa
Salm 136:1-26

Sailm

An Hallel Mór: Iomann Cásca

136 Alleluia.

Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,

agus go maireann a bhuanghrá go brách.

2 Tugaigí buíochas do Dhia na ndéithe,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

3 Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

4 Is é an t-aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

5 Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

6 Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

7 Eisean a rinne na soilse móra,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

8 Chuir sé an ghrian i gceannas an lae,

óir maireann a bhuanghrá go brách;

9 an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

10 Bhuail sé céadghin na nÉigipteach,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

11 Agus threoraigh sé Iosrael as a measc,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

12 Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

13 Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

14 Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

15 Threascair sé Forann agus a shlua sa mhuir,

óir maireann a bhuanghrá go brách;

16 agus sheol a phobal tríd an bhfásach,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

17 Bhuail sé na ríthe móra,

óir maireann a bhuanghrá go brách;

18 agus mharaigh sé na ríthe cumhachtacha,

óir maireann a bhuanghrá go brách;

19 Síochon, rí na nAmórach,

óir maireann a bhuanghrá go brách;

20 agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

21 Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht,

óir maireann a bhuanghrá go brách;

22 mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

23 Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

24 Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

25 Bronnann sé bia ar a maireann sa cholainn,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

26 Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas,

óir maireann a bhuanghrá go brách.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn