Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 48
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Salm 48:1-14

Sailm

Cathair Naofa Dé

Amhrán. Salm chlann Chorach.

48 [48:2] Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é

i gcathair ár nDé.

2 [48:3] Is álainn an cnoc é a shliabh naofa,

áthas an domhain uile.

Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt

cathair an ArdRí.

3 [48:4] Chruthaigh Dia i lár a dúnta

bheith ina dhaingean sábháilte.

4 [48:5] Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéile

gur ionsaigh siad in éineacht.

5 [48:6] Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu;

rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.

6 [48:7] Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach,

amhail tinneas clainne;

7 [48:8] mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh

loingeas Thairsís.

8 [48:9] Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar

i gcathair ár nDé;

i gcathair Thiarna na slua

a dhaingnigh Dia go deo.

9 [48:10] Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia,

i gceartlár do theampaill.

10 [48:11] Leathann do mholadh, ar nós d’ainm, a Thiarna,

go críocha na cruinne.

Is lán do dheaslámh d’fhíréantacht;

11 [48:12] gairdíonn Cnoc Shíón.

Tá áthas ar iníonacha Iúdá

de bharr do bhreithiúnais.

12 [48:13] Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall

comhairigí a túir.

13 [48:14] Breathnaigí a rampair chosanta;

scrúdaigí a dúnfoirt,

go n-inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:

14 [48:15] is mar sin dár nDia.

Is é ár nDia é go brách na breithe

agus ár dtreoraí go deo.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn