Seanfhocail
SEANFHOCAIL
1 Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:
2 Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc;
le go dtuigfí briathra ciallmhara;
3 Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna,
san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart.
4 Le críonnacht a thabhairt don saonta,
agus eolas agus tuiscint don óg;
5 Éisteadh an t-eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige,
agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.
6 Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh,
briathra na saoithe agus a nathanna –
7 Tús na heagna eagla Dé;
is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.
8 Éist, a mhic, le teagasc d’athar
agus ná séan oiliúint do mháthar.
9 Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheann
agus mar thorc ar do bhráid.
10 Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó,
ná géill dóibh.
11 Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola;
tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;
12 Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól,
iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.
13 Gheobhaimid maoin de gach sórt,
agus líonfaimid ár dtithe le creach.
14 Fág do chuid roinne fúinne;
ní bheidh againn go léir ach an t-aon sparán.”
15 A mhic, ná gabh an bealach leo,
agus ná leag do chos ar a gcosán.
16 (Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc,
agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)
17 Is fánach é an líon a leathadh
agus an t-éan ag faire.
18 Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán;
orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.
19 Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir;
sciobann an foréigean an t-anam ón dream ar leo é.
20 Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna,
agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh;
21 Éann sí ar bharr na mballaí,
agus labhraíonn ag geataí na cathrach:
22 “A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh
gean do bhur saontacht?
An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht
agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
23 Tugaigí aird ar mo rabhadh;
déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh,
agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair.
24 De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht,
gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm;
25 De bhrí nár thóg sibh ceann d’aon chomhairle do mo chuid,
agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
26 Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás
agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,
27 Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme,
agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.
28 Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil;
lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.
29 Óir bhí fuath acu don eolas,
agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.
30 Ní ghlacfaidís le comhairle uaim,
agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.
31 Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh,
agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.
32 Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta,
agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.
33 An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma,
beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”