Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 45
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
Salm 45:1-17

Sailm

Amhrán Bainise don Rí

Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail “Na lilí ...”. Mascil chlann Chorach. Amhrán grá.

45 [45:2] Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal.

Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí;

ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.

2 [45:3] Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile

agus doirteadh an grásta amach ar do bheola

toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.

3 [45:4] Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh:

faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach

ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.

4 [45:5] [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.

5 [45:6] Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.

Tá naimhde an rí ar díth a meanman.

6 [45:7] Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;

ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.

7 [45:8] Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.

Is uime sin a rinne Dia – do Dhia féin – thú a ungadh

le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.

8 [45:9] Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d’éadaí;

seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.

9 [45:10] Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,

agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.

10 [45:11] Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom;

cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d’athar.

11 [45:12] Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d’áilleacht;

eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó.

12 [45:13] Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat

’s beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte.

13 [45:14] Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe,

14 [45:15] agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha.

Seoltar dá héis chuige a maighdeana coimhdeachta.

15 [45:16] Déantar a dtionlacan le háthas is gairdeas

nuair a ghabhann siad isteach in áras an rí.

16 [45:17] In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat;

ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne.

17 [45:18] Beidh cuimhne ar d’ainm go brách de bharr an dáin seo

agus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn