Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eoin 17
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
An Bíobla Naofa
Eoin 17:1-26

Eoin

17 Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé:

“A Athair, tá an uair tagtha.

Tabhair glóir do do Mhac,

ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:

2 faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine,

ionas, gach duine a thug tú dó,

go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.

3 Is í seo an bheatha shíoraí:

iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin,

agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

4 Thug mise glóir duit ar talamh;

tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.

5 Agus anois mar sin, a Athair,

tabhair-se glóir domsa i do láthair

leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair,

sula raibh an domhan ann.

6 D’fhoilsigh mé d’ainm

do na daoine a thug tú dom as an saol;

ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad,

agus tá do bhriathar coinnithe acu.

7 Tá a fhios acu anois gur uaitse,

gach ní dár thug tú dom;

8 óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad,

agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor

gur uaitse a tháinig mé,

agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.

9 Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil

atáim ag guí ach ar son na muintire

a thug tú dom, mar is leatsa iad.

10 Leatsa gach ní is liomsa

agus liomsa gach ní is leatsa,

agus tá glóir faighte agam iontu.

11 Nílim ar an saol feasta

ach tá siadsan ar an saol

agus táim ag dul ag triall ortsa.

A Athair naofa coinnigh iad i d’ainm—

an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram,

ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.

12 Fad a bhí mé faru,

choinnigh mé iad i d’ainm

—an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram,

agus thug mé aire dóibh,

agus níor imigh íde ar aon duine acu,

ach ar mhac na híde,

ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.

13 Ach anois táim ag teacht ag triall ort,

agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol,

ionas go mbeadh an lúcháir is liomsa

go hiomlán acu iontu féin.

14 Thug mé dóibh do bhriathar,

agus thug an saol fuath dóibh,

óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

15 Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad,

ach go gcoinneofá ón Olc iad.

16 Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

17 Déan iad a naomhú san fhírinne.

Is fírinne do bhriathar.

18 Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol,

chuir mise iadsan isteach sa saol.

19 Naomhaím mé féin ar a son,

ionas go mbeidh siadsan, chomh maith,

naomhaithe san fhírinne.

20 Ní ar a son-san amháin atáim ag guí,

ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine

a chreidfidh ionam trína mbriathar;

21 ionas go mba aon iad go léir,

faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa

agus mise ionatsa;

go mbeidís seo ina n-aon ionainn

i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.

22 Agus an ghlóir a thug tú dom,

thug mise dóibhsean é,

ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;

23 mise iontu-san, agus tusa ionam-sa,

ionas go mba aon iad go foirfe,

agus go mbeadh a fhios ag an saol

gur chuir tú uait mé,

agus gur thug tú grá dóibh seo

faoi mar a thug tú grá domsa.

24 A Athair, an mhuintir a thug tú dom,

is mian liom, an áit ina bhfuilimse,

iadsan a bheith ann mar aon liom,

ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir,

an ghlóir a thug tú dom;

mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

25 A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort;

ach bhí aithne agamsa ort,

agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.

26 Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d’ainm,

ionas, an grá a thug tú dom,

go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn