Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 139
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
An Bíobla Naofa
Salm 139:1-24

Sailm

Uile-Eolas

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

139 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé.

2 más luí dom, más suí dom, is eol duit é;

is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.

3 Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;

is eol duit mo shlite go léir.

4 Sula gcluintear focal ar mo theanga,

a Thiarna, is eol duit ar fad é.

5 Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;

agus leagann tú do lámh orm de shíor.

6 Is ró-iontach, ró-uasal liom an t-eolas seo;

agus téann sé thar m’acmhainn a thuiscint.

7 Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?

ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?

8 Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;

má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.

9 Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,

agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,

10 ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;

agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.

11 Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,

agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,

12 ní dorcha leatsa an dorchacht:

is comhsholas duit lá agus oíche.

13 Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;

agus a d’fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.

14 Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;

de bhrí gurb éachtach iad d’oibreacha.

B’eol duit go hiomlán m’anamsa;

15 níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,

nuair a cumadh os íseal mé,

gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé.

16 Chonaic do shúile mo ghníomhartha;

óir scríobhadh iad uile i do leabhar;

agus cinneadh dom mo laethanta go léir,

sular tháinig ceann amháin acu ann.

17 Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna;

má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n-áireamh;

18 ní lia gaineamh na trá ná iad;

dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.

19 Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh;

is mairg nach n-imíonn uaim fir na fola.

20 Óir déanann siad ceannairc i d’aghaidh go fealltach;

agus tugann do naimhde mionna éithigh.

21 Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;

nach déistin liom a n-éiríonn i d’éadan?

22 Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;

dar liomsa is deargnaimhde dom iad.

23 Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;

déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.

24 Féach an bhfuil drochslí á siúl agam;

agus seol mé ar shlí na síoraíochta.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn