Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 34
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Salm 34:1-22

Sailm

Eagla Dé

[Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air.

34 [34:2] Beannóidh mé an Tiarna i dtólamh

beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.

2 [34:3] Bíonn m’anam ag déanamh mórtais as an Tiarna:

éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.

3 [34:4] Móraigí an Tiarna mar aon liom:

tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.

4 [34:5] Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d’éist sé liom

agus d’fhuascail sé ó m’eagla go léir mé.

5 [34:6] Féachaigí chuige agus loinnir oraibh

’s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.

6 [34:7] Nuair a scairt an t-ainniseoir seo d’éist an Tiarna,

agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.

7 [34:8] Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa

thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.

8 [34:9] Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:

is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.

9 [34:10] A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;

ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.

10 [34:11] Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:

ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.

11 [34:12] Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom

go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.

12 [34:13] Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?

agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?

13 [34:14] Coinnigh do theanga ón olc

agus do bhéal ó bhriathra éithigh.

14 [34:15] Seachain an t-olc agus déan an mhaith;

bí ag lorg na síochána agus lean di.

15 [34:16] Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin

agus tugann sé aird ar a n-achainí.

16 [34:17] Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc

d’fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.

17 [34:18] Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air:

fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.

18 [34:19] Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha

agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.

19 [34:20] Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan,

ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;

20 [34:21] cosnaíonn sé a chnámha go léir;

ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.

21 [34:22] Tiománfaidh an t-olc an t-éagráifeach chun a bháis,

agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.

22 [34:23] Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí:

ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn