Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Gníomhartha 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
Gníomhartha 6:1-15

Gníomhartha

6 San am sin, nuair a bhí líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí á dhéanamh ar a mbaintreacha féin sa fhriothálamh laethúil. 2 Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird. 3 Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo. 4 Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”

5 Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch. 6 Thug siad i láthair na n-aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.

7 De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh. 8 Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail. 9 Bhí daoine áirithe de chuid “Sionagóg na Saorfhear” mar a thugtaí uirthi—daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán 10 ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé. 11 Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslaitheach faoi Mhaois agus faoi Dhia. 12 Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun na sainidríne é.

13 Thug siad finnéithe bréige i láthair á rá: “Ní stadann an duine seo ach ag caint i gcoinne na háite naofa seo agus i gcoinne an dlí. 14 Chualamar é á rá go ndéanfadh an Íosa Nazórach úd an áit seo a leagan ar lár agus na gnásanna a d’fhág Maois againn a athrú.” 15 Bhí a raibh ina suí sa tsainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn