Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Eoin 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
An Bíobla Naofa
1 Eoin 5:1-21

1 Eoin

5 Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh. 2 Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta. 3 Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta. 4 Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh. 5 Cé sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé? 6 Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad. 7 Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:) 8 an Spiorad agus an t-uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal.

9 Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é. 10 An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin. 11 Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin. 12 An té a bhfuil an Mac aige, tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, níl an bheatha aige. 13 Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé. 14 Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n-éisteann linn. 15 Agus más eol dúinn go n-éisteann sé le cibé céard a agraímid air, tuigimid go bhfaighimid cinnte na hachainíocha a d’iarramar air. 16 Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh. 17 Is peaca gach éagóir, ach tá peaca ann nach peaca chun báis. 18 Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis. 19 Is feasach dúinne gur ó Dhia sinn agus go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail. 20 Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n-aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost. 21 Eisean an fíorDhia agus an bheatha shíoraí. A chlann liom, seachnaígí sibh féin ar na híola.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn