Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 86
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
Salm 86:1-17

Sailm

Urnaí in Am na Trioblóide

Achainí Dháiví.

86 Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom,

óir tá mé go dearóil dealbh.

2 Déan m’anam a chosaint óir is dílis mé;

fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.

3 Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna,

óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.

4 Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh,

óir is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna.

5 Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna,

lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.

6 Éist le m’urnaí, a Thiarna;

tabhair aire do ghlór mo ghuí.

7 Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha;

de bhrí go n-éisteann tú liom.

8 Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna;

ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.

9 Na ciníocha go léir a rinne tú,

tiocfaidh siad do d’adhradh, a Thiarna;

agus déanfaidh siad d’ainm a fhógairt.

10 Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha;

is tú amháin is Dia ann.

11 Múin do shlí dom, a Thiarna;

i dtreo go siúlfainn i d’fhírinne;

agus déan mo chroí a dhíriú,

i dtreo gurab eagal liom d’ainm.

12 Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia;

agus molfaidh mé d’ainm go brách.

13 Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm;

sciob tú m’anam leat ó dhuibheagán ifrinn.

14 D’éirigh lucht díomais i m’éadan, a Dhia,

tá drong gan trua ar thoir m’anama,

drong nach bhfuil aird acu ortsa.

15 A Thiarna Dia na trua agus na taise,

ar deacair thú a spreagadh chun feirge,

agus atá lán de ghrá agus d’fhírinne:

16 Féach orm agus bíodh trua agat dom.

Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna,

agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh.

17 Tabhair dom comhartha do cheana

go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú,

toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn