Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 25
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Salm 25:1-22

Sailm

Treoir agus Maithiúnas á Lorg

Le Dáiví.

25 Is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna:

2 Is ionat a chuirim mo dhóchas,

nár dhéantar mo náiriú, a Dhia;

ná maíodh mo naimhde a mbua orm.

3 Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat

ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh.

4 Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,

agus déan do chosáin a mhúineadh dom.

5 Déan mo threorú i d’fhírinne, tabhair teagasc dom,

óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir.

Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae.

6 Bí ag cuimhneamh, a Thiarna, ar do thrócaire

agus ar an ngrá a thaispeáin tú riamh.

7 Ná cuimhnigh ar chionta m’óige

ach amháin ar do bhuanghrá féin.

[25:7c] mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.

8 Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna,

taispeánann sé an tslí do na peacaigh.

9 Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantacht

agus múineann a shlí don duine cneasta.

10 Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna

dá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.

11 Ar mhaithe le d’ainmse, a Thiarna,

maith dom mo pheaca, óir is mór é.

12 Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna?

Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.

13 Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas

agus gheobhaidh a shliocht an talamh.

14 Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe

agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.

15 Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíor

óir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon.

16 Iompaigh i leith orm le trócaire,

óir táimse i m’aonarán angarach.

17 Tabhair faoiseamh don chroí atá cráite

agus beir mé slán ón anacair.

18 Tabhair do d’aire mo bhrón is mo bhuairt

agus maith dom mo pheacaí go léir.

19 Féach a líonmhaire atá mo naimhde,

a bhfuil fuath thar fóir acu dom.

20 Déan m’anam a chosaint, agus fuascail mé;

nár náirítear mé toisc mo thriall a bheith ort.

21 Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t-ionracas mé,

óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.

22 A Dhia, saor Iosrael ar a chúngaigh go léir!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn