Rómhánaigh
15 Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan bheith ar mhaithe linn féin 2 ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa d’fhonn é a neartú. 3 Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: “Is ormsa a thit aithisí na ndaoine a bhí do d’aithisiú.”
4 Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn.
5 Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa 6 ar shlí go mbeidh sibh d’aontoil agus d’aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
7 Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé. 8 Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú 9 agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa:
“Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún,
agus canfaidh mé do d’ainm le duan.”
10 Agus deirtear in áit eile:
“Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.”
11 Agus in áit eile fós:
“Molaigí an Tiarna, a náisiúna uile
agus móradh na pobail go léir é.”
12 Agus arís, deir Íseáia:
“Eascróidh fréamh de chuid Ieise,
an té a éireoidh chun na náisiún a rialú.
As siúd a bheidh a muinín acu.”
13 Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
14 I dtaca libhse, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile. 15 Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh—agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd—chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim á dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia, 16 bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.
17 Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost. 18 Ní leomhfaidh mé a lua ach a bhfuil déanta ag Críost tríom chun na gintlithe a thabhairt faoina réir le briathar agus le gníomh, 19 le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum. 20 Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile, 21 ach déanamh mar atá scríofa:
“Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad é
agus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.”
22 Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh. 23 Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh, 24 nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús. 25 I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go Iarúsailéim le cabhair do na naoimh. 26 Thograigh an Mhacadóin agus Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim. 27 Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acusan. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibhsean lena maoin shaolta. 28 Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcrích agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn 29 agus tá a fhios agam go mbeidh flúirse de bheannachtaí Chríost agam daoibh ar mo theacht dom chugaibh.
30 Táim á iarraidh d’achainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon, 31 go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair do Iarúsailéim; 32 agus le toil Dé tiocfaidh mé chugaibh faoi lúcháir agus ligfidh mé mo scíth in bhur measc. 33 Dia na síochána libh go léir. Amen.