Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Apacailipsis 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Apacailipsis 1:1-20

Apacailipsis

APACAILIPSIS

1 Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d’Eoin a sheirbhíseach; 2 thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé. 3 Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.

4 Eoin chun na seacht n-eaglaisí san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a ríchathaoireach 5 agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, 6 agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen. 7 Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen. 8 “Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.

9 Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. 10 Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa, 11 á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.” 12 D’iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir, 13 agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. 14 Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine, 15 agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuiltí lána. 16 Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.

17 Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; 18 ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam. 19 Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo. 20 Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n-eaglaisí.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn