Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Gníomhartha 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
Gníomhartha 12:1-25

Gníomhartha

12 Um an dtaca seo is ea d’imir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise. 2 Chuir sé Séamas deartháir Eoin chun báis leis an gclaíomh. 3 Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslimaráin a bhí ann, 4 agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d’fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca. 5 Fad a bhí Peadar á choimeád sa phríosún, áfach, bhí urnaí á déanamh gan staonadh chun Dé ar a shon ag an Eaglais.

6 An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin. 7 Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha. 8 “Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,” arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. “Cuir umat do bhrat,” arsa an t-aingeal arís leis, “agus lean mise.” 9 Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh á dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí á feiceáil aige. 10 Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn a sheolann chun na cathrach. D’oscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, d’imigh an t-aingeal as a radharc.

11 Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.” 12 Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí. 13 Chnag sé ar dhoras an halla agus tháinig cailín aimsire darbh ainm Rós chun an doras á oscailt dó. 14 Nuair a d’aithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras. 15 “Ag rámhaillí atá tú,” ar siadsan léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,” arsa siadsan. 16 Lean Peadar air ag bualadh ar an doras agus nuair a d’oscail siad dó, chonaic siad é agus tháinig alltacht orthu. 17 Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost agus d’aithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.

18 Nuair a bhí sé ina lá, bhí buairt nár bheag ar na saighdiúirí i dtaobh cad ba chor do Pheadar. 19 Chuir Héaród lorg air agus nuair nach raibh aon fháil air, scrúdaigh sé na gardaí agus d’ordaigh iad a chur chun báis. Ansin chuaigh sé síos ó Iúdáia go Céasaráia agus thug tamall ann.

20 Ag an am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus na Síodóine, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, d’iarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin. 21 An lá a bhí ceaptha dó bhí Héaród cóirithe ina éide rí, shuigh sé faoi ar an suí breithimh agus thug óráid dóibh. 22 Thosaigh an pobal ag béiceadh: “Ní guth duine é seo ach guth Dé.” 23 Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna.

24 Lean briathar Dé ag fás agus ag leathnú. 25 Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d’fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn