Habacúc
3 Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe.
2 Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d’éachtaí;
a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm.
Déan arís í lenár linn féin;
lenár linn féin nocht dúinn í athuair.
D’ainneoin tú a bheith suaite le fearg
cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.
3 Tá Dia ag teacht as Téamán,
agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah
Folaíonn a mhaorgacht na spéartha
agus líontar an talamh dá ghlóir.
4 Is cosúil leis an solas a dhealramh;
as a lámha bladhmann gathanna gealáin.
Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.
5 Ar a aghaidh amach gabhann an phlá;
tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.
6 Nuair a sheasann sé critheann an talamh.
Le leagan a shúl croitear na náisiúin.
Bogtar na sléibhte síoraí óna n-áit;
cromann na beanna bithbhuana síos,
a sheanbhealaí riamh anall.
7 Feicim bothanna Chúiseáin ar lár,
agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.
8 An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna?
An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh,
go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill,
nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?
9 Tógann tú do bhogha as a chumhdach:
cuireann tú saigheada lena shreang. Selah
Scoilteann tú an talamh le srutháin.
10 Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad.
Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh.
Ligeann an duibheagán búir;
ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
11 Fanann an ghrian agus an ghealach ina n-áitreabh
ó sholas do shaighead eitilte
agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.
12 Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar;
satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.
13 Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil,
chun d’ungthach féin a shlánú.
Tá barr theach an drochdhuine briste agat
agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
14 Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra,
a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,]
amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin
a dhíothú go danartha ina n-uachais.
15 Pasálann tú an mhuir le do chapaill
trí bhorradh na n-uiscí doimhne.
16 Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe;
critheann mo bheola leis an nglór;
leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha
agus lúbann mo chosa fúm.
Fanaim go ciúin le lá na buartha
atá le breacadh ar lucht ár n-ionsaithe.
17 Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth;
ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna;
rachaidh de thoradh an chrainn olóige;
ní thabharfaidh na goirt aon bhia;
ní fhágfar caora sa chró
nó bó ar bith sa bhuaile.
18 Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna,
déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.
19 Is é an Tiarna Dia mo neart;
tugann sé dom luathchosa eilite;
cuireann sé mé ag céimniú
go daingean buach ar na harda.
Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.