2 Tiomóid
4 I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht 2 an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad. 3 Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; 4 tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta. 5 Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas. 6 I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom. 7 Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. 8 Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
9 Déan do dhícheall teacht chugam go luath. 10 Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d’imigh leis go Teasaloinicé. D’imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait. 11 Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó. 12 Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas. 13 Nuair a bheidh tú ag teacht beir leat an clóca a d’fhág mé ag Carpas i dTróas agus beir leat na leabhair chomh maith, go háirithe na meamraim.
14 Is mór an dochar a rinne Alastar, an gabha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis. 15 Seachainse tú féin air siúd mar is dian a chuir sé i gcoinne ár dteagaisc.
16 Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é. 17 Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin 18 agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.
19 Beir beannacht uaim go Priosca agus Acula agus go teaghlach Onaesaforas. 20 D’fhan Earastas i gCorant agus d’fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite. 21 Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eubúlas agus Púdaes agus Líonas agus Clóide agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat. 22 Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.