Lúcás
4 Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é 2 go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air. 3 Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.” 4 Agus d’fhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’”
5 Agus tar éis dó é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; 6 agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim do cibé is áil liom é. 7 Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.” 8 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”
9 Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; 10 óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’; 11 agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’” 12 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”
13 Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d’fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
14 Agus d’fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir. 15 Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.
16 Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d’éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. 17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa:
18 “Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé.
Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,
ag fógairt a scaoilte do bhránna
agus aiseag a radhairc do dhaill;
ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
19 ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”
20 D’fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. 21 Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.” 22 Agus thug cách fianaise air, b’ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?” 23 Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’” 24 Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. 25 Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, 26 agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine. 27 Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.” 28 Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d’fheirg, 29 agus d’éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. 30 Ach ghabh sé trína lár agus d’imigh leis.
31 Chuaigh sé síos go Cafarnáum, cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé á dteagasc lá sabóide. 32 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. 33 Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: 34 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.” 35 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d’imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. 36 Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.” 37 Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre.
38 Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son. 39 Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d’fhág an fiabhras í; agus d’éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu. 40 Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad. 41 Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é. 42 Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu. 43 [4:43a] Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” 44 [4:43b] Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia.