Sailm
Is Naofa é an Tiarna ár nDia
99 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith;
tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.
2 Is mór é an Tiarna i Síón;
tá sé i réim os cionn na gciníocha uile.
3 Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach;
is naofa é agus [lán de chumhacht].
4 Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht.
Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir;
agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.
5 Móraigí an Tiarna, ár nDia;
umhlaígí i láthair a stóil choise;
de bhrí gur naofa é an Tiarna.
6 Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart.
Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm.
Ghairidís ar an Tiarna agus d’éisteadh sé leo.
7 Is leo a labhair sé as colún an néil.
Rinneadar a thoil agus choinníodar a dhlí,
na haitheanta a thug sé dóibh.
8 Thug tú freagra orthu, a Thiarna, ár nDia,
agus bhí tú i do Dhia so-mhaitheach dóibh,
cé go ndearna tú a bpeacaí a agairt orthu.
9 Móraigí an Tiarna, ár nDia,
agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa;
óir is naofa é an Tiarna, ár nDia.