Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 65
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Salm 65:1-13

Sailm

Altú Buíochais do Dhia

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.

65 [65:2] Is duit is dleacht ár moladh

i Síón, a Dhia.

Is duit a chomhlíonfar ár móid,

2 [65:3] ós tú a éisteann lenár nguí.

Ortsa atá triall gach aon neach

3 [65:4] lena eire urchóide.

Luíonn ár lochtanna go trom orainn

ach tugann tusa maithiúnas dúinn.

4 [65:5] Is méanar don té a roghnaíonn tú,

á ghlaoch chun do chúirteanna.

Sásófar le flúirse do thí sinn,

le hionad naofa do theampaill.

5 [65:6] Déanann tú éachtaí i d’fhíréantacht dúinn,

a Dhia ár slánaithe.

Dóchas críocha uile na cruinne thú

agus na bhfarraigí imigéiniúla.

6 [65:7] Daingníonn tú na sléibhte le do neart

ar do chrioslú le cumhacht.

7 [65:8] Maolaíonn tú fothram na farraige

agus torann na dtonnta

agus gleo na gciníocha.

8 [65:9] Lucht cónaithe chríocha na cruinne,

is eagal leo d’éachtaí.

Cuireann tú áthas ar imill imchiana

an Oirthir is an Iarthair.

9 [65:10] Thug tú cuairt ar an talamh, á huisciú,

gur mhéadaigh tú a maoin.

Sceitheann abhainn Dé thar bruacha

d’fhonn arbhar a sholáthar di.

10 [65:11] Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh,

ag tabhairt uisce dá claiseanna.

Déanann tú a bogadh le ceathanna;

beannaíonn tú a geamhair.

11 [65:12] Chuir tú barr ar an mbliain le d’fhéile

agus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras

12 [65:13a] agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth.

Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas

13 [65:13b] agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada.

Tá na gleannta faoi bhrat arbhair;

tógann siad gártha agus canaid le háthas.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn