Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eifisigh 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
Eifisigh 1:1-23

Eifisigh

EIFISIGH

1 Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost. 2 Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, ár nAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost.

3 Moladh le Dia,

le hAthair ár dTiarna Íosa Críost,

a bhronn orainn, i gCríost,

gach tabhartas spioradálta sna flaithis.

4 Roimh thúsú an domhain

roghnaigh sé sinn i gCríost

chun bheith naofa gan locht os a chomhair.

5 Le barr grá dúinn

leag sé amach ó thús

de réir mhian a thola féin

go mbeimisne inár gclann aige

6 trí Íosa Críost,

i dtreo go molfaí an grásta as cuimse

a roinn sé orainn go fras

ina Mhac muirneach.

7 Is sa Mhac sin,

as ucht a chuid fola,

atá ár bhfuascailt faighte againne,

maithiúnas ár gcionta,

8 de réir iomadúlacht an ghrásta

a roinn sé orainn go fial.

Le teann eagna agus gaoise

9 nocht sé dúinn rún a thola—

de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús

lena chur i gcrích i gCríost,

10 nuair a bheadh an t-ionú tagtha—

mar atá, an beartas

gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh

a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.

11 Mar is i gCríost

a roghnaíodh sinne inár n-oidhrí

agus a leagadh amach dúinn,

de réir intinne an té úd

a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,

12 a bheith ar na chéad daoine

a chuirfeadh a muinín i gCríost

chun moladh agus glóire Dé.

13 Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin,

nuair a chuala sibhse briathar na fírinne

agus dea-scéal bhur slánaithe,

nuair a chreid sibh ann agus

gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.

14 Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht

nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi;

chun moladh a ghlóire.

15 Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir, 16 nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe. 17 Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. 18 Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa 19 agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh—an chumhacht éachtach úd 20 a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é 21 go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. 22 Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó 23 agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn