Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Teasalónaigh 4
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
1 Teasalónaigh 4:1-18

1 Teasalónaigh

4 Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne—conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d’achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós. 2 Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa. 3 Is é is toil le Dia go mbeadh sibh naofa, go seachnódh sibh an drúis, 4 go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim 5 agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu; 6 gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n-agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana. 7 Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta. 8 Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.

9 Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile. 10 Sin é go díreach atá á dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne á iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós, 11 agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana. 12 Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith.

13 Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. 14 Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith. 15 Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: 16 mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. 17 Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. 18 Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn