Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
An Bíobla Naofa
Irimia 1:1-19

Irimia

IRIMIA

1 Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin. 2 Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim. 3 Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.

4 Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:

5 “Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;

sular rugadh thú choisric mé thú;

d’ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha.”

6 Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.” 7 Ach dúirt an Tiarna liom:

“Ná habair, ‘Is leanbh mé.’

Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,

agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.

8 Ná bíodh faitíos ort rompu,

óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,

is é an Tiarna a labhraíonn.”

9 Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom:

“Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.

Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,

10 a réabadh aníos agus a leagan síos,

a mhilleadh agus a scriosadh,

a thógáil agus a phlandú.”

11 Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise. 12 Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.” 13 Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: “Céard a fheiceann tú?” Arsa mise: “Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.” 14 Ansin dúirt an Tiarna:

“Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;

15 óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile

an Tuaiscirt—is é an Tiarna a labhraíonn.

Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir

i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird,

agus in aghaidh bailte uile Iúdá.

16 Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n-aghaidh

i ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad mise

chun túis a loscadh do dhéithe eile

agus oibreacha a lámh féin a adhradh.

17 Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic.

Éirigh agus abair leo gach a n-ordaímse duit.

Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise,

ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.

18 I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu

cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis

in aghaidh na tíre seo go hiomlán,

in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí,

a sagart agus mhuintir na tíre.

19 Troidfidh siad i d’aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,

óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce—

is é an Tiarna a labhraíonn.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn