Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eoin 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
  • 41
  • 42
  • 43
  • 44
  • 45
  • 46
  • 47
An Bíobla Naofa
Eoin 5:1-47

Eoin

5 Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim. 2 Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid. 3 Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne—daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce. 4 Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t-uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air). 5 Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid. 6 Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?” 7 “A dhuine uasail,” arsa an t-easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.” 8 Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.” 9 Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.

10 Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.” 11 D’fhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’” 12 D’fhiafraigh siad de ansin: “Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?” 13 Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit. 14 Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.” 15 D’imigh an duine agus d’inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. 16 Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid. 17 Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.” 18 Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia. 19 Thug Íosa freagra:

“Amen, Amen, a deirim libh,

ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin

mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.

Cibé nithe a dhéanann an tAthair,

déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.

20 Óir tá cion ag an Athair ar an Mac

agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,

agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo

i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.

21 Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh

agus iad a dhéanamh beo,

mar an gcéanna déanann an Mac beo

an mhuintir is toil leis;

22 mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine

ach thug sé an uile bhreith dá Mhac,

23 i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,

mar a thugann siad don Athair.

An té nach dtugann onóir don Mhac

ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

24 Amen, Amen, a deirim libh,

an té a éisteann le mo bhriathar,

agus a chreideann an té a chuir uaidh mé,

tá an bheatha shíoraí aige;

ní thagann sé chun breithiúnais,

ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

25 Amen, Amen, a deirim libh,

tá an uair ag teacht—tá sí ann cheana—

nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé

agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.

26 Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin,

thug sé don Mhac mar an gcéanna

beatha a bheith ann féin aige,

27 agus thug sé údarás dó

breithiúnas a dhéanamh

de bhrí gurb é Mac an Duine é.

28 Ná déanaigí ionadh den mhéid sin,

óir tá an uair ag teacht,

a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí

glór Mhac Dé,

29 agus tiocfaidh siad amach—

iad seo a rinne an mhaith

chun aiséirí na beatha,

agus iad seo a rinne an t-olc

chun aiséirí an bhreithiúnais.

30 Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.

De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas

agus is cóir í mo bhreith,

óir ní hí mo thoil féin a shantaím

ach toil an té a chuir uaidh mé.

31 Dá dtabharfainn fianaise orm féin

ní bheadh m’fhianaise iontaofa.

32 Tá neach eile ann a thugann fianaise orm,

agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise

a thugann sé orm.

33 Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin

agus thug sé fianaise ar an bhfírinne.

34 Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine,

ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh.

35 Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd,

agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill

áthas a fháil ina sholas.

36 Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin.

Óir na hoibreacha a thug m’Athair dom le cur i gcrích,

na hoibreacha sin féin a dhéanaim,

tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.

37 An tAthair féin a chuir uaidh mé,

thug sé fianaise orm.

Níor chuala sibh riamh a ghuth

ná ní fhaca sibh a dheilbh,

38 agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh,

mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.

39 Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh

mar gur dóigh libh go bhfuil

an bheatha shíoraí agaibh iontu:

agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,

40 ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.

41 Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.

42 Ach tá aithne agam oraibh,

nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh.

43 Tháinig mise in ainm m’Athar,

agus ní ghlacann sibh mé;

má thagann duine eile ina ainm féin,

glacfaidh sibh eisean.

44 Conas a b’fhéidir daoibh creidiúint,

agus glóir á glacadh agaibh óna chéile

gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.

45 Ná measaigí go bhfuilim

chun sibh a chúisiú

i láthair an Athar;

tá duine do bhur gcuisiú—

Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as.

46 Dá gcreidfeadh sibh Maois,

chreidfeadh sibh mise,

óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean.

47 Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean,

conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa?

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn