Eoin
5 Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim. 2 Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid. 3 Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne—daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce. 4 Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t-uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air). 5 Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid. 6 Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?” 7 “A dhuine uasail,” arsa an t-easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.” 8 Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.” 9 Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.
10 Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.” 11 D’fhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’” 12 D’fhiafraigh siad de ansin: “Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?” 13 Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit. 14 Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.” 15 D’imigh an duine agus d’inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. 16 Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid. 17 Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.” 18 Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia. 19 Thug Íosa freagra:
“Amen, Amen, a deirim libh,
ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin
mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.
Cibé nithe a dhéanann an tAthair,
déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.
20 Óir tá cion ag an Athair ar an Mac
agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,
agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo
i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.
21 Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh
agus iad a dhéanamh beo,
mar an gcéanna déanann an Mac beo
an mhuintir is toil leis;
22 mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine
ach thug sé an uile bhreith dá Mhac,
23 i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,
mar a thugann siad don Athair.
An té nach dtugann onóir don Mhac
ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.
24 Amen, Amen, a deirim libh,
an té a éisteann le mo bhriathar,
agus a chreideann an té a chuir uaidh mé,
tá an bheatha shíoraí aige;
ní thagann sé chun breithiúnais,
ach tá sé dulta ó bhás go beatha.
25 Amen, Amen, a deirim libh,
tá an uair ag teacht—tá sí ann cheana—
nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé
agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.
26 Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin,
thug sé don Mhac mar an gcéanna
beatha a bheith ann féin aige,
27 agus thug sé údarás dó
breithiúnas a dhéanamh
de bhrí gurb é Mac an Duine é.
28 Ná déanaigí ionadh den mhéid sin,
óir tá an uair ag teacht,
a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí
glór Mhac Dé,
29 agus tiocfaidh siad amach—
iad seo a rinne an mhaith
chun aiséirí na beatha,
agus iad seo a rinne an t-olc
chun aiséirí an bhreithiúnais.
30 Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.
De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas
agus is cóir í mo bhreith,
óir ní hí mo thoil féin a shantaím
ach toil an té a chuir uaidh mé.
31 Dá dtabharfainn fianaise orm féin
ní bheadh m’fhianaise iontaofa.
32 Tá neach eile ann a thugann fianaise orm,
agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise
a thugann sé orm.
33 Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin
agus thug sé fianaise ar an bhfírinne.
34 Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine,
ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh.
35 Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd,
agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill
áthas a fháil ina sholas.
36 Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin.
Óir na hoibreacha a thug m’Athair dom le cur i gcrích,
na hoibreacha sin féin a dhéanaim,
tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
37 An tAthair féin a chuir uaidh mé,
thug sé fianaise orm.
Níor chuala sibh riamh a ghuth
ná ní fhaca sibh a dheilbh,
38 agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh,
mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.
39 Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh
mar gur dóigh libh go bhfuil
an bheatha shíoraí agaibh iontu:
agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,
40 ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.
41 Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.
42 Ach tá aithne agam oraibh,
nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh.
43 Tháinig mise in ainm m’Athar,
agus ní ghlacann sibh mé;
má thagann duine eile ina ainm féin,
glacfaidh sibh eisean.
44 Conas a b’fhéidir daoibh creidiúint,
agus glóir á glacadh agaibh óna chéile
gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.
45 Ná measaigí go bhfuilim
chun sibh a chúisiú
i láthair an Athar;
tá duine do bhur gcuisiú—
Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as.
46 Dá gcreidfeadh sibh Maois,
chreidfeadh sibh mise,
óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean.
47 Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean,
conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa?