Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Apacailipsis 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
Apacailipsis 12:1-17

Apacailipsis

12 Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann. 2 Bhí gin aici ina broinn, agus d’éigh sí ina híona agus ina pianta linbh. 3 Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n-adharc agus seacht gcoróin ar a chinn. 4 Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d’fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é. 5 Agus rug sí gin mic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a ríchathaoireach. 6 Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.

7 Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D’fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath, 8 ach ní rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n-ionad sna flaithis feasta. 9 An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis. 10 Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d’oíche. 11 Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n-anam thar an mbás. 12 Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”

13 Nuair a chonaic an dragan gur teilgeadh chun na talún é, chuaigh sé sa tóir ar an mbean a rug an ghin mic. 14 Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n-eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha. 15 Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d’fhonn go bhfuadódh sé le sruth í. 16 Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d’oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal. 17 Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d’imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn