Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eizicéil 38
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
Eizicéil 38:1-23

Eizicéil

38 Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Ghóg, i dtír Mhágóg, ardphrionsa Mheisic agus Thúbál, agus tairngir ina choinne. 3 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál. 4 Casfaidh mé thart thú agus cuirfidh mé duáin i do ghialla; tarraingeoidh mé liom thú féin agus do shlua airm uile idir chapaill agus mharcaigh, agus iad go léir i gcath éide iomlán, tóstal mór ag iompar lúireach agus cruinnsciath, agus ag beartú claimhte. 5 Tá an Pheirs, Cúis agus Pút leo, cách lena sciath agus a chlogad; 6 tá Gomair agus a bhuíon go léir, Béit Tógarmá agus a bhuíon ón aird is faide ó thuaidh; tá a lán ciníocha in éineacht leat. 7 Bí réidh ullamh, tú féin agus do shluaite atá bailithe thart timpeall ort, agus bí faoi réir [agam].

8 “I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh. 9 Gluaisfidh tú romhat ag dul ar aghaidh amhail stoirm agus clúdóidh tú an tír amhail néal, tú féin, do shlua agus a lán ciníocha i do chuideachta.

10 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá sin preabfaidh an smaoineamh isteach i do cheann agus beartóidh tú drochscéim. 11 Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’ 12 Ar mhaithe le héadáil agus creach a bhreith liom ionsóidh mé na háiteanna fásaigh a bhfuil cónaí ar dhaoine arís iontu, an mhuintir seo a tháinig le chéile ó na ciníocha, a tháinig i seilbh eallaigh agus earraí, a chónaíonn i gceartlár an domhain. 13 Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’

14 “Tairngir, a mhic an duine, dá bhrí sin. Abair le Góg: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nach fíor go bhfuil sé [ar intinn agat cur chun bóthair] agus mo phobal Iosraél ina suí go suaimhneach? 15 Fágfaidh tú do bhaile sna haird is faide ó thuaidh, thú féin agus a lán ciníocha leat, tóstal an-mhór, slua airm cumasach iad uile ar muin each. 16 Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n-aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.

17 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ba ortsa a bhí mé a labhairt sna seanlaethanta trí mo sheirbhísigh, fáithe Iosrael, a thairngríodh ar feadh na mblianta sna laethanta sin go seolfainn thú ina n-aghaidh. 18 Ach an lá a thabharfaidh Góg ruathar isteach i dtír Iosrael—an Tiarna Dia a labhraíonn—tiocfaidh fearg orm. 19 Dearbhaím agus cuthach éada orm: ‘Go deimhin beidh crith as cuimse i dtír Iosrael an lá sin.’ 20 Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh. 21 Cuirfidh mé gach [sórt uafáis] ina bhealach—an Tiarna Dia a labhraíonn—beidh claíomh gach fir ag fealladh ar a chéile. 22 Gearrfaidh mé pionós air le plá agus le doirteadh fola. Fearfaidh mé tuile bháistí agus clocha sneachta, tine agus ruibh air féin, ar a shlua agus ar na ciníocha líonmhara a bheidh leis. 23 Mar sin a fhoilseoidh mé mo naofacht agus a chuirfidh mé mé féin in aithne dá lán ciníocha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn