Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 33
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Salm 33:1-22

Sailm

Ina Moltar Deonú Dé

33 Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana:

is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice.

2 Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit;

déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

3 Canaigí amhrán urnua dó;

canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.

4 Óir is dílis é briathar an Tiarna,

agus is fírinneach a oibreacha go léir.

5 Carann sé an chóir agus an ceart

agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.

6 Lena bhriathar a rinneadh na flaithis:

le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

7 Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal,

agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.

8 Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile;

bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.

9 Labhair sé agus rinneadh gach aon ní.

D’ordaigh sé agus ráinig siad ann.

10 Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath

agus beartas na náisiún ar neamhní.

11 Maireann comhairle an Tiarna go brách

agus a smaointe ó aois go haois.

12 Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia:

an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.

13 Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamh

agus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir.

14 Amharcann sé óna ionad cónaithe

ar gach aon neach dá maireann ar talamh –

15 an té a chum a gcroíthe go léir

agus a thugann a mbearta go léir dá aire.

16 Ní neart a shlua a thugann bua do rí;

ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

17 Ní hé an t-each a bhéarfaidh an bua;

ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.

18 Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é

agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

19 chun a n-anam a shaoradh ón mbas

agus iad a bheathú le linn gorta.

20 Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna;

is é siúd ar gcabhair agus ár sciath;

21 is ann a ghairdíonn ár gcroí,

is iontaoibh linn a ainm naofa.

22 Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna,

de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn