Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Corantaigh 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
1 Corantaigh 5:1-13

1 Corantaigh

5 Táthar á rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis i nach bhfaightear i measc na bpágánach féin; 2 is é sin le rá go bhfuil duine agaibh i lánúnas lena leasmháthair. Agus sibhse lán de mhórchúis! Ag déanamh bróin ba chóra daoibh a bheith chun go n-ardófaí uaibh an té a rinne amhlaidh. 3 I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin, 4 mar atá: sibhse a theacht le chéile in ainm ár dTiarna Íosa agus mise ó spiorad in bhur dteannta agus ar údarás ár dTiarna Íosa 5 an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfadh a anam slán lá úd an Tiarna.

6 Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. 7 Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh—agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha. 8 Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.

9 Dúirt mé libh i mo litir gan aon chaidreamh a bheith agaibh le drúisigh. 10 Ní hiad drúisigh an tsaoil seo i gcoitinne a bhí i gceist agam ar ndóigh, na bithiúnaigh agus gadaithe agus íoltóirí i gcoitinne, mar nár mhór daoibh an saol a fhágáil sa chás sin. 11 Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid. 12 Cad ab áil liomsa breith a thabhairt ar an muintir atá lasmuigh? Tabharfaidh Dia féin breith orthu siúd. 13 Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn