Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Tiomóid 3
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
1 Tiomóid 3:1-16

1 Tiomóid

3 Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé. 2 Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte; 3 gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead. 4 Caithfidh sé bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó. 5 Mura bhfuil duine in ann a theaghlach féin a stiúradh, conas a dhéanfaidh sé Eaglais Dé a riaradh? 6 Caithfidh sé gan bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin. 7 Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.

8 Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu 9 ach iad ag caomhnadh rúndiamhair an chreidimh le coinsias glan. 10 Ní mór iad a thástáil ar dtús agus gan ligean dóibh feidhmiú mar dhéagánaigh mura mbíonn siad gan locht. 11 Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí. 12 Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin. 13 Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ardchéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.

14 Cé go bhfuilim ag súil le teacht ar cuairt chugat sul i bhfad, táim á scríobh seo chugat 15 i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo—an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne . 16 Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh:

An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna,

sheas an Spiorad a cheart dó,

chonacthas é do na haingil,

fógraíodh é do na ciníocha,

chreid an saol mór ann

agus tógadh in airde i nglóir é.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn