Sailm
Caithréim agus Bua
Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.
68 [68:2] Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhde
agus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.
2 [68:3] Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad;
mar chéir a leátar i láthair na tine
rachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé.
3 [68:4] Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé,
déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.
4 [68:5] Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm,
déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta;
gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.
5 [68:6] Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach;
is é sin Dia ina áras naofa.
6 [68:7] Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach;
seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais,
ach fágann sé lucht ceannairce i dtalamh gan uisce.
7 [68:8] A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach,
nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith.
Selah
8 [68:9] Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé –
i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael.
9 [68:10] D’fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d’oidhreacht;
thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta.
10 [68:11] Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais
mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.
11 [68:12] Tugann an Tiarna an briathar uaidh;
is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala:
12 [68:13] “Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaite
agus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche.
13 [68:14] Bíodh go bhfuil sibhse in bhur luí i measc chróite na gcaorach
tá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgead
agus a chleití ag drithliú le ruithne an óir,
14 [68:15] San uair a scaip an tUilechumhachtach na ríthe
agus leag sé ar lár iad mar shneachta ar Shalmón.”
15 [68:16] Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán;
is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán.
16 [68:17] Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha,
ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras?
Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.
17 [68:18] Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann;
tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.
18 [68:19] Ghabh tú in airde agus braighdeanaigh mar aon leat
agus ghlac tú le tíolacthaí ó dhaoine, a Thiarna –
fiú amháin ó lucht ceannairce i d’áras, a Dhia.
19 [68:20] Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile,
an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é.
Selah
20 [68:21] Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne;
tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.
21 [68:22] Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh;
baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta.
22 [68:23] Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad;
tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,
23 [68:24] chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhde
agus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí.
24 [68:25] Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia;
mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;
25 [68:26] na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh,
na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin.
26 [68:27] Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta;
molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael.
27 [68:28] Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tslua
agus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite;
mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí.
28 [68:29] Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart,
an chumhacht sin a d’oibrigh tú a Dhia, ar ár son.
29 [68:30] As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde,
bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat.
30 [68:31] Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach,
táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha;
sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid;
cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh.
31 [68:32]Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigipt
agus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé.
32 [68:33] Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne,
seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna
Selah
33 [68:34] atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde;
ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é.
34 [68:35a] Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé
a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha.
35 [68:35b] Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa;
is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal.
Moladh le Dia!