Zacairia
2 [2:5] D’ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam. 2 [2:6] “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.” 3 [2:7] Ansin d’fhan an t-aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige 4 [2:8] agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti. 5 [2:9] ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’”
6 [2:10] Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh,
a deir an Tiarna,
óir táim tar éis sibhse a scaipeadh
faoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.
7 [2:11] Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin,
tusa a chonaíonn sa Bhablóin;
8 [2:12] Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua,
an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil,
i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh:
—óir aon duine a bhaineann libhse,
baineann sé le himreasc a shúile—
9 [2:13] Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n-aghaidh,
agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu.
Beidh a fhios agaibhse ansin
gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.
10 [2:14] Abair amhrán agus déan gairdeas,
a iníon Shíón;
óir, féach, táimse ag teacht
chun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna.
11 [2:15] Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin;
beidh siad ina bpobal aige,
agus cónóidh sé in bhur measc,
agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Slua
a chuir chugat mé.
12 [2:16] Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá,
mar a chomhroinn féin sa talamh naofa,
agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair.
13 [2:17] Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna;
óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.