Sailm
Amhrán Nua do Rí na Cruinne
96 Canaigí amhrán úr don Tiarna;
canaigí don Tiarna,a thíortha go léir.
2 Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm;
fógraígí a shlánú ó lá go lá.
3 Insígí a ghlóir i measc na gciníocha;
agus a éachtaí i measc na náisiún.
4 Is mór é an Tiarna; is díol molta é;
is díol eagla thar na déithe go léir é.
5 Ní dada iad déithe na gciníocha;
ach is é an Tiarna a rinne na flaithis.
6 Is leis an ghlóir agus an gradam;
tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir.
7 Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha;
tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht.
8 tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm;
tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna.
9 Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa;
bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.
10 Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí.”
shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe;
tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.
11 Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh;
tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór.
12 Bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann;
tógadh crainn uile na coille gártha áthais
13 i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht;
atá ag teacht a rialú na cruinne.
Rialóidh sé an domhan go cothrom,
agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.