Míocá
7 Mo léan! Táimse mar a bheinn
dá mbeadh na torthaí bailithe
agus fómhar na bhfíniúna thart;
níl caor ar bith le hithe
agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu
níl ceann díobh ar fáil níos mó.
2 Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír;
níl aon fhear ionraic i measc an phobail;
bíonn siad go léir in oirchill na fola
agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
3 Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh;
bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach
agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab
agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin.
Mo chreach! Camann siad an dlí.
4 Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu;
is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu.
Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht
agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
5 Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana;
ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde.
Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.
6 Óir tugann an mac easonóir dá athair
agus éiríonn an iníon suas in aghaidh a máthar
agus an banchliamhain in aghaidh máthar a céile
agus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.
7 Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath;
cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir
agus éistfidh mo Dhia liom.
8 Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa;
fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.
9 Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna
—mar pheacaigh mé ina choinne—
go dtí go n-agraíonn sé mo chúis
agus go seasann sé ceart dom.
Treoróidh sé mé chun an tsolais
agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.
10 Feicfidh mo namhaid é seo
agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa:
“Cá bhfuil do Dhia?”
Bainfidh mé lán na súl aisti;
gabhfar de chosa inti anois
mar lathach na sráideanna.
11 Tá an lá a n-atógfar do bhallaí ag teacht;
an lá sin leathnófar do chríocha.
12 An lá sin tiocfar chugat
ón Asaír go dtí an Éigipt,
ón Tuír go dtí an Abhainn,
ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.
13 Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n-ábhar uafáis
de dheasca a ndrochghníomhartha.
14 Seol do phobal chun féaraigh le do bhata,
an tréad atá ina oidhreacht agat,
a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta.
Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád
mar a mbídís san am fadó.
15 [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.
16 Feicfidh na náisiúin iad
agus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht.
Cuirfidh siad a lámha lena mbéal
agus beidh bodhaire ina gcluasa.
17 Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe,
ar nós péisteanna na talún.
Tiocfaidh siad amach as a ndúnta
agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.
18 Cén Dia atá cosúil leatsa?
Óir tógann tú peacaí chun siúil
agus maitheann tú a gcionta d’fhuílleach d’oidhreachta;
ní buan í do chuid feirge
agus is áil leat an buanghrá.
19 Déanfaidh tú trócaire orainn arís;
gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí
agus caithfidh tú ár gcionta go léir
isteach i nduibheagán na farraige.
20 Léirigh do dhílseacht do Iacób
agus do bhuanghrá d’Abrahám
faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.