Sailm
Is Fearr an Umhlaíocht ná an Íobairt
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
40 [40:2] D’fhan mé go foighneach leis an Tiarna
agus chrom sé chugam
gur éist sé le mo ghuí.
2 [40:3] Tharraing sé mé as díog na díthe,
as láib an bhogaigh;
chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig
agus dhaingnigh mo choiscéimeanna.
3 [40:4] Chuir sé amhrán nua i mo bhéal:
duan dár nDia.
Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu,
agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.
4 [40:5] Is aoibhinn don té a chuireann
a dhóchas sa Tiarna;
an té nach gcloíonn le huaibhrigh
ná le déithe bréige.
5 [40:6] Nach iomaí sin éacht a rinne tú,
a Thiarna is mo Dhia!
Níl aon neach inchurtha leatsa
sna comhairlí a cheap tú dúinn.
Dá mb’áil liom a n-insint nó a n-áireamh
rachadh a gcomhaireamh díom.
6 [40:7] Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach d’oscail tú mo chluasa.
Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;
7 [40:8] ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé!
I rolla an leabhair tá sé scríofa fúm
8 [40:9] go ndéanfainn do thoilse.
A Dhia, is áil liom do dhlí
i ndiamhair mo chroí.”
9 [40:10] Rinne mé d’fhíréantacht a fhógairt
sa chomhdháil mhór.
Cosc níor chuir mé le mo bhéal
mar is eol duit, a Thiarna.
10 [40:11] Níor fholaigh mé d’fhíréantacht i mo chroí
ach d’fhógair mé do chabhair dhílis;
níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne
ar an gcomhdháil mhór.
11 [40:12] A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil
uaim go brách.
Go ndéana do bhuanghrá agus d’fhírinne
mo chaomhnú choíche.
12 [40:13] Tá mórán olc i mo thimpeall,
oilc gan áireamh.
Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta
nach bhfeicim dada;
ní lia ribí mo chinn ná iad
agus teipeann mo mhisneach orm.
13 [40:14] Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt;
brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
14 [40:15] Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach
ar a bhfuil fonn mo mharaithe;
go gcuirtear ar gcúl faoi náire
a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.
15 [40:16] Go ndalltar le náire an drong
a deir liom: “Há! há!”
16 [40:17] Go ndéana a mbíonn ar do lorg
ríméad agus gairdeas ionat.
Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:
“Moladh leis an Tiarna!”
17 [40:18] Cé gur dealbh agus gur dearóil mise
déanann an Tiarna cúram díom.
Is tú mo chabhair agus m’fhuascailteoir;
ná moilligh, a Dhia liom.