Sailm
Salm Aithrí agus Dóchais
Amhrán Oilithreach.
130 As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna;
éist, a Thiarna, le mo ghuí.
2 Go n-éiste do chluasa go haireach
le mo ghlór ag impí ort.
3 Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna,
a Thiarna, cé rachaidh slán?
4 Ach is leat na peacaí a mhaitheamh;
ionas go riarfaí go humhal duit.
5 Tá muinín ag m’anam as an Tiarna;
ar a bhriathar atá mo sheasamh.
6 Is foighní m’anam ag feitheamh leis an Tiarna,
ná lucht faire leis an maidin.
Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin,
7 agus Iosrael leis an Tiarna,
de bhrí gur ag an Tiarna atá an trócaire,
agus an fhuascailt fhairsing.
8 Agus is é a dhéanfaidh Iosrael a fhuascailt
óna gcionta go léir.