Sailm
Feall agus Faltanas
Do siúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví.
55 [55:2] Tabhair cluas do m’urnaí, a Dhia:
ná téigh i bhfolach ó m’achainí.
2 [55:3] Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí,
óir tá mé cloíte ag an mbuairt.
3 [55:4] Táim ar crith de bharr gártha an namhad
agus ansmacht na n-urchóideach;
óir tarraingíonn siad an t-olc anuas orm;
bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge.
4 [55:5] Tá mo chroí arna chloí ionam istigh:
titeann eagla an bháis orm.
5 [55:6] Tagann sceimhle is scanradh orm anuas,
tá mé i mo stalc ag an uamhan.
6 [55:7] “Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam;
d’eitleoinn liom faoi shuaimhneas.”
7 [55:8] Is amhlaidh a rachainn in imigéin
go ndéanfainn cónaí san fhásach.
8 [55:9] Theithfinn gan mhoill ar lorg fothana
ón stoirm is ón spéirling;
9 [55:10] ó anfa clúmhillteach mo namhad,
ó thonn tuile a dteangacha.
Óir ní fheicimse aon ní sa chathair
ach imreas is éigean;
10 [55:11] siúlann siad ballaí na cathrach
de lá agus d’oíche.
Is lán í d’olc agus d’urchóid;
11 [55:12] Tá an peaca ina lár.
Ní scarann an foréigean ná an feall
lena sráideanna choíche.
12 [55:13] Dá mba namhaid é an té a thug aithis dom
d’fhéadfainn cur suas leis.
Dá mba eascara a d’éirigh i m’éadan
rachainn i bhfolach uaidh.
13 [55:14] Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánach
a rinne an ní seo!
14 [55:15] Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.
15 [55:16] Go gcastar an bás go tobann orthu;
go dté siad beo san uaigh síos.
Óir cónaíonn an urchóid ina n-árais
agus i gceartlár a gcroí.
16 [55:17] Ach glaofaidh mise ar Dhia
agus saorfaidh an Tiarna mé.
17 [55:18] Ar maidin, meán lae, is tráthnóna
beidh mé ag caí is ag caoineadh.
[55:18c] ach cluinfidh Dia mo ghlór.
18 [55:19] Fuasclóidh sé m’anam go sítheach
ón gcath seo a chuirim –
óir is iomaí sin duine a throideann liom.
19 [55:20] Éistfidh sé liom agus cloífidh iad;
(tá sé ann ón tsíoraíocht),
óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor,
ná ní eagal leo Dia.
Selah
20 [55:21] Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde;
briseann sé a chonradh.
21 [55:22] Is sleamhaine a bhriathra ná im,
ach tá cogadh ina chroí.
Is boige a bhriathra ná ola,
ach is claímhte arna nochtadh iad.
22 [55:23] Caith do chúram ar an Tiarna
agus déanfaidh sé taca duit;
ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle
as an bhfíréan go brách.
23 [55:24] Ach seolfaidh tusa síos iad, a Thiarna,
go poll an bháis;
ní bhfaighidh lucht fola agus fill
ach leath a laethanta.
Is ort atá mo sheasamh, a Thiarna.