Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Corantaigh 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
1 Corantaigh 2:1-16

1 Corantaigh

2 I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna. 2 Shocraigh mé i m’aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh. 3 Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d’uamhan agus d’eagla. 4 Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m’fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, 5 i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé.

6 Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as. 7 Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne. 8 Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois. 9 Mar atá scríofa:

“Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad,

nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne,

is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”

10 Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin. 11 Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé. 12 Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia. 13 Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu. 14 An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas. 15 Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir d’aon duine eisean a mheas. 16 Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn