Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Corantaigh 10
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
2 Corantaigh 10:1-18

2 Corantaigh

10 Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh. 2 Táim a iarraidh oraibh gan a thabhairt orm bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid. 3 Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath. 4 Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí 5 agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d’fhonn é a chur faoi réir Chríost. 6 Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibhse faoi réir go hiomlán. 7 Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis. 8 Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis—údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan—ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air. 9 Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt. 10 “Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.” 11 Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh.

12 Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin. 13 Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libhse. 14 Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh. 15 Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin, 16 agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó. 17 “An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,” 18 mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn