Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Matha 16
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Matha 16:1-28

Matha

16 Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d’iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh. 2 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: ‘Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg’; 3 agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú? 4 Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna”—a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.

5 Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo. 6 Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 7 Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t-arán linn.” 8 Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh? 9 Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? 10 Nó na seacht mbuilíní don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas? 11 Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 12 Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.

13 Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d’fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?” 14 Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.” 15 Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?” 16 Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” 17 D’fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d’fhoilsigh duit é ach m’Athair atá ar neamh. 18 Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. 19 Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.” 20 Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.

21 Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. 22 Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” 23 Ach d’iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”

24 Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. 25 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. 26 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d’fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? 27 Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. 28 Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn