Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 101
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
An Bíobla Naofa
Salm 101:1-8

Sailm

An Rí Fíréanta

Salm [le] Dáiví.

101 Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantacht

duitse, a Thiarna.

2 Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail;

cathain a thiocfaidh tú?

Siúlfaidh mé le croí gan cháim

i lár mo thí.

3 Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl

aon ní suarach.

Is gráin liom slí na n-urchóideach;

ní bheidh páirt agam leo.

4 Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim;

ní aithneoidh mé an t-olc.

5 Fear clúmhillte a chomharsan os íseal,

millfidh mé an té sin.

Fear na mórchúise agus na mórála,

ní fhéadaim cur suas leis.

6 Beidh súil agam le fíréin na tíre

a bheith in aontíos liom.

An té a shiúlann sa tslí gan máchail,

is é a dhéanfaidh fónamh dom.

7 Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíche

cónaí i mo theachsa.

Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagaire

fanacht in éineacht liom.

8 Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin

peacaigh na tíre;

agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna

lucht déanta an oilc.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn