Míocá
6 Éistigí anois lena bhfuil le rá ag an Tiarna:
Éirigh agus agair do chúis i bhfianaise na sléibhte;
cloiseadh na cnoic do ghuth.
2 Éistigí, a shléibhte,
leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna;
tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain.
Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail
agus tá sé ag aighneas le hIosrael.
3 “A phobal liom, céard a rinne mé ort?
Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort?
Tabhair freagra orm.
4 Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú;
mise a d’fhuascail thú as teach na daoirse.
Chuir mé Maois os do chionn
agus Árón agus Miriám in éineacht leis.
5 Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb,
agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air
agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál
chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”
6 “Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna
nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe?
An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite
nó le laonna aon bhliana?
7 Ar mhaith leis na mílte reithe
nó deich míle de shruthanna ola?
An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta,
toradh mo choirp in éiric peacaí m’anama?”
8 Míníodh duit, a dhuine, céard is maith
agus céard a iarrann an Tiarna ort.
Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh,
buanghrá a chothú
agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
9 Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair
(is den chríonnacht d’ainm a eaglú).
Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,
10 An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach
agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?
11 An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairt
ar lucht na scálaí éagothroma
agus an mhála de mheáchain mhealltacha?
12 a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean
agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag
(is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).
13 Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadh
agus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí.
14 Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat
agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile.
Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada
agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil
fágfaidh mise ag an gclaíomh é.
15 Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar;
satlóidh tú caora olóige
ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche;
pasálfaidh tú caora fíniúna
ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.
16 Choimeád tú reachtanna Omraí
agus gnásanna uile theaghlach Acháb
agus is í a gcomhairle siúd a lean tú.
Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot
agus beidh d’áitritheoirí ina gceap magaidh
agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.