Íseáia
45 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras,
an té ar rug sé ar láimh dheis air
chun na ciníocha a leagan ina fhianaise
agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile;
chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach
ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.
2 “Siúlfaidh mise romhat mé féin
chun na cnapáin a dhéanamh cothrom.
Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis,
gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.
3 Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choim
atá cnuasta i gcillíní rúin,
chun go dtuige tú gur mise an Tiarna,
Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d’ainm.
4 Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacób
agus le hIosrael, mo rogha,
a ghlaoigh mé i d’ainm ort,
ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.
5 Is mise an Tiarna; níl m’athrach eile ann;
ach mise amháin, níl aon dia ann.
Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam
6 ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréine
gur neamhní an uile rud ach mise amháin.”
Is mise an Tiarna; níl m’athrach eile ann;
7 cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas.
Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas,
is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.
8 A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann,
ligeadh na néalta anuas í ina báisteach!
Osclaíodh an talamh lena gabháil
agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar!
Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt
atá mise, an Tiarna, lena chruthú!
9 An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire,
nó an próca le fear a dhealfa sa chré?
An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?”
An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?
10 Is mairg a deir lena athair: “Cad é seo a ghin tú?”
nó lena mháthair: “Cad é a thug tú ar an saol?”
11 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna,
an Neach Naofa, an té a mhúnlaíonn Iosrael:
“An daoibhse is dleacht mé a cheistiú i dtaobh mo chlainne,
nó orduithe a thabhairt dom faoi shaothar mo lámh?
12 Is mise a rinne an talamh,
is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air.
Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéartha
agus tá ceannas agam ar a slua go léir.
13 An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é,
tá an bealach réitithe agam roimhe.
Déanfaidh sé mo chathair a atógáil
agus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhaile
gan éiric gan airgead fuascailte,”
a deir Tiarna na Slua.
14 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna:
[Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis,
muintir Shaba na bhfear mór ard,
tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat;
siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu.
Sléachtfaidh siad i do láthair,
agus guífidh siad thú, á rá:
“Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann;
níl dia eile ann ach é.”
15 Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach,
Dia Iosrael, an slánaitheoir.
16 An dream a thug do dhúshlán, beidh mearbhall agus ceann faoi orthu;
imeoidh siad leo faoi náire, lucht déanta na n-íol.
17 Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna,
tá sibh slánaithe aige go deo.
Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhse
ar feadh saol na saol go brách.
18 Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna,
Cruthaitheoir na spéartha,
arb é Dia é,
arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é,
a chuir bun faoi
agus nár chruthaigh in anord é
ach a rinne áit chónaithe de:
“Is mise an Tiarna, níl m’athrach ann.
19 Níor labhair mé i modh rúin
ná áit éigin i gcríoch dhorcha.
Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib:
Cuardaígí mé san éagruth.
Mise, an Tiarna, labhraím ceart
agus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.
20 Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile,
sibhse a mhair de na ciníocha!
Níl eolas ar bith acu siúd
a bhfuil a n-íol adhmaid á iompar thart acu,
ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia
nach bhfuil an slánú ar a chumas.
21 Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair,
gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin:
Cé a d’fhógair an méid sin roimh ré,
nó cé a d’fhoilsigh é ag an am?
An ea nach mise, an Tiarna, a rinne?
Níl aon dia eile ann ach mé féin,
Dia cóir agus Fuascailteoir;
níl dada eile ann ach mise amháin.
22 Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe,
a chríocha na talún uile,
óir is mise Dia, agus níl m’athrach ann!
23 Mionnaim dar mé féin;
is í an fhírinne a thagann as mo bhéal,
geallúint nach bhfuil dul siar uirthi:
‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin,
dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’
24 Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine,
a thagann bua agus neart!
Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu,
iad siúd uile a thug a dhúshlán.
25 Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóir
ag sliocht Iosrael go léir!”