Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Nahúm 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
Nahúm 1:1-15

Nahúm

NAHÚM

1 Oracal i dtaobh Nínivé. Leabhar fhís Nahúm, an tEalcóiseach.

2 Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna;

tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge;

Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas;

is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.

3 Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge

agus is mór í a chumhacht;

Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós.

Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm;

is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.

4 Tugann sé iomardú don fharraige

agus cuireann sé i ndísc í;

triomaíonn sé na haibhneacha go léir.

Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú

agus fásra na Liobáine ag feo.

5 Tá na sléibhte ar crith roimhe

agus na cnoic á leá.

Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan,

agus gach duine dá gcónaíonn ann,

6 Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh?

Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt?

Bladhmann a chuid feirge amach mar thine,

agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.

7 Is maith é an Tiarna;

dún daingean is ea é lá na buartha.

8 Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce

nuair a thagann an díle.

Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne

agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde

isteach sa dorchadas.

9 Cén chomhcheilg atá á beartú agaibh

ín aghaidh an Tiarna?

Eisean a t-ollscriostóir.

Tá deireadh leis an ansmacht go deo.

10 Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha,

mar choinleach tirim, go hiomlán.

11 Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire

a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.

12 Deir an Tiarna é seo: “Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad,

coscrófar agus dísceofar iad.

Cé gur smachtaigh mé thú cheana,

ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.

13 Brisfidh mé díot anois

an chuing a leag sé ort

agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.”

14 Tá an t-ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh:

“Ní bheidh sliocht ort

a dtabharfar d’ainm orthu feasta;

tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe

chun siúil as teampall do dhéithe;

ullmhóidh mé uaigh duit,

mar is suarach an duine thú.”

15 [2:1] Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte

agus é ag fógairt na síochána.

Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá;

comhlíon do mhóideanna.

Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís

mar tá sé scriosta go hiomlán.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn