Apacailipsis
15 Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche. 2 Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm—bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu, 3 agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá:
“Is éachtach agus is iontach iad d’oibreacha,
a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh.
Is cóir agus is fíor do chosáin,
a rí na gciníocha.
4 Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna,
agus nach dtabharfaidh glóir do d’ainm?
Óir is tú amháin is naofa.
Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós,
óir foilsíodh do bhreithiúnais.”
5 Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b’shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis, 6 agus tháinig na seacht n-aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n-ucht. 7 Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n-aingeal seacht soitheach óir lán d’fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta. 8 Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d’aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche.