Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Apacailipsis 15
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
An Bíobla Naofa
Apacailipsis 15:1-8

Apacailipsis

15 Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche. 2 Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm—bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu, 3 agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá:

“Is éachtach agus is iontach iad d’oibreacha,

a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh.

Is cóir agus is fíor do chosáin,

a rí na gciníocha.

4 Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna,

agus nach dtabharfaidh glóir do d’ainm?

Óir is tú amháin is naofa.

Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós,

óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

5 Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b’shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis, 6 agus tháinig na seacht n-aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n-ucht. 7 Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n-aingeal seacht soitheach óir lán d’fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta. 8 Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d’aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn