Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Dainéil 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Dainéil 12:1-13

Dainéil

12 “San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n-aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar. 2 Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí. 3 Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta.

4 “Ach tusa, a Dhainéil, iaigh na briathra agus cuir séala ar an leabhar go huain na críche. Rithfidh mórán anseo agus ansiúd, agus méadóidh ar an eolas.”

5 Ansin d’fhéach mise, Dainéil, agus féach beirt eile ina seasamh, duine ar an mbruach seo agus duine ar an mbruach thall den abhainn. 6 Dúirt [duine díobh] leis an bhfear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha: “An fada go críoch na n-iontas seo?” 7 An fear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha, d’ardaigh sé a lámh dheas agus a lámh chlé chun neimhe agus mhionnaigh sé dar an té a mhaireann de shíor: “Go ceann ré, dhá ré agus leathré, agus comhlíonfar na nithe seo uile nuair a bheidh deireadh le smiotadh chumhacht na naomh.” 8 Chuala mé, ach níor thuig mé. Ansin dúirt mé: “A thiarna liom, cad é an chríoch a bheidh leo siúd?” 9 Dúirt sé: “Imigh leat, a Dhainéil, mar tá na briathra iata séalaithe go huain na críche. 10 Déanfaidh a lán iad féin a ghlanadh, a scagadh, agus a ghealadh; ach déanfaidh na drochdhaoine an urchóid; ní thuigfidh na drochdhaoine; tuigfidh na saoithe. 11 Agus ón uair a thógfar an uileloscadh buan chun siúil agus a chuirfear suas gráiniúlacht an léirscriosta, míle dhá chéad is a nócha lá. 12 Is beannaithe an té a mhairfidh agus a thiocfaidh chun an mhíle trí chéad tríocha is a cúig lá. 13 Ach imighse leat (go dtaga an chríoch); tóg do shuaimhneas, agus éireoidh tú chun an ionaid atá beartaithe duit i gcríoch na laethanta.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn