Sailm
Rí an Domhain
Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.
47 [47:2] Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile;
glaoigí ar Dhia le gártha gairdis!
2 [47:3] Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,
ina ardrí os cionn na cruinne.
3 [47:4] Cuireann sé ciníocha faoinár smacht
agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.
4 [47:5] Is uaidh a fuaireamar ár n-oidhreacht;
oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá.
5 [47:6] Gabhann Dia in airde le gártha molta;
gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
6 [47:7] Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó;
seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!
7 [47:8] Is é Dia rí na cruinne go léir;
seinnigí agus canaigí go hoilte dó!
8 [47:9] Tá Dia ina rí ar na náisiúin;
tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa.
9 [47:10] Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile;
i bhfochair phobal Dhia Abrahám.
Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne;
is aige atá an chumhacht go hiomlán.