Sailm
Baois agus Beagthairbhe Shaibhreas an tSaoil Seo
Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.
49 [49:2] Éistigí, a chiníocha go léir,
tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne,
2 [49:3] íseal agus uasal in éineacht,
saibhir agus daibhir le chéile.
3 [49:4] Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara;
is lán mo chroí de thuiscint.
4 [49:5] Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal,
sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.
5 [49:6] Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc
agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall –
6 [49:7] dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas
agus a mhaíonn as méid a maoine?
7 [49:8] Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt
ná éiric a anama a dhíol le Dia;
8 [49:9] is ródhaor aige éiric a anama.
9 [49:10] Ní thig leis síorbheatha a cheannach
le súil nach bhfeice sé an uaigh.
10 [49:11] Feiceann sé an saoi agus an daoi ar lár
agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.
11 [49:12] Tuamaí is dídean dóibh go brách,
a n-árais chónaithe ó ghlúin go chéile
cé go mbíodh a n-ainm in airde sa tír.
12 [49:13] Óir ní buan é séan an duine;
is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.
13 [49:14] Slí na baothmhuiníne a slí siúd,
críoch na droinge lenarb áil a maoin.
Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
14 [49:15] mar a ndéanfaidh an bás a n-aoireacht
agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad.
Imeoidh a dtaibhse ar maidin;
san uaigh a bheidh a n-áras acu feasta.
15 [49:16] Ach saorfaidh Dia m’anamsa ar ifreann
an uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.
16 [49:17] Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir;
má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.
17 [49:18] Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis,
ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.
18 [49:19] Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé –
“maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht” –
19 [49:20] rachaidh sé i bhfochair a shinsear
nach bhfeicfidh an solas go brách.
20 [49:21] Óir ní buan é séan an duine;
is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.