Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Zacairia 13
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
An Bíobla Naofa
Zacairia 13:1-9

Zacairia

13 “Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d’áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.

2 “Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n-íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír. 3 Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.

4 “Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d’fhonn daoine a mhealladh. 5 Déarfaidh gach duine díobh: ‘Ní fáidh ar bith mise ach fear a shaothraíonn an talamh; óir, bhí talamh i mo sheilbh agam ó m’óige.’ 6 Agus má fhiafraítear de: ‘Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?’ freagróidh sé: ‘Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.’”

7 “Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m’aoire,

in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,”

a deir Tiarna na Slua.

“Buail an t-aoire chun go scaipfear an tréad!

Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n-uan beag.

8 Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,”

a deir Tiarna na Slua,

“go gciorrófar agus go ndísceofar

dhá thrian den phobal,

ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.

9 Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine;

glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead;

promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór.

Glaofaidh siad ar m’ainm

agus tabharfaidh mé freagra orthu.

Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’;

agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn