Réamhrá
TÁ NA scéalta sa leabhar seo fíor. Tá siad tógtha as an leabhar is fearr sa domhan, an Bíobla. Tugann na scéalta stair an domhain duit ón am ar thosaigh Dia ag cruthú go dtí an lá atá inniu ann. Insíonn siad fiú céard atá geallta ag Dia don am atá le teacht.
Tugann an leabhar so barúil duit céard é an Bíobla. Cuireann sé síos ar na daoine atá sa mBíobla agus ar na rudaí a rinne siad. Taispeáineann sé freisin go bhfuil geallta ag Dia go mairfidh daoine go deo ar dhomhan chomh hálainn le gáirdín Phárthais.
Tá 116 scéal ins an leabhar. Tá siad seo roinnte in ocht gcuid. Tá leathanach ag tús gach coda ag inseacht céard atá le fáil sa gcuid sin. Tá na scéalta eagraithe ins an ord inar thárla na heachtraí sa stair. Cuidíonn sé seo leat foghlaim cén uair a thárla eachtra amháin i gcomparáid le eachtra eile sa stair.
Insítear na scéalta i gcaint shimplí. Béidh sibh in ann roinnt mhaith acu a léamh sibh féin, a pháistí. Feicfidh sibhse, a thuismitheoirí, gur aoibhinn le bhur bpáistí óga go léifí na scéalta seo dóibh arís agus arís eile. Feicfidh sibh go bhfuil go leor ins an leabhar seo a gcuirfidh sean agus óg suim ann.
Tá tagairtí den Bhíobla ag deireadh gach scéil. Moltar duit na páirteanna seo den Bhíobla ar a bhfuil na scéalta bunaithe a léamh.